Paróiste an Spidéil

Cill Einde

Fáilte chuig suíomh idirlíne Pharóiste an Spidéil.

 

 

 

 

Imithe ar shlí na fírinne – An tAthair Tomás Ó Cadhain, iar-shagart paróiste an Spidéil.

Go gcuire na naoimh fáilte roimhe isteach i sanctóir na bhflaitheas.

1 Eanáir 1928 – 30 Samhain 2017

Aifreann Sochraide – Cill Éinde, An Spidéal, Co. na Gaillimhe – 4 Nollaig 2017

Ag Ceiliúradh na Sagartachta i measc Daoine sa bParóiste

An tSeanmóirí: An tAthair Seán McHugh, S. P. An Spidéil

Na Léachtaí:

An Chéad Léacht: Leabhar na nUimhreacha 6:22-27: Dia a rá le Maois a rá le Aaron cén chaoi dul i mbun a chuid oibre. Is í an obair sin na daoine a bheannú ar aistear an tsaoil.

An Salm le Freagra: ’Sé an Tiarna m’Aoire

An Dara Léacht: Teasalónaigh 2:7-9, 13: Grá N. Pól do na hEaglaisí, agus grá na nEaglais do Phól mar mhinistir ar an Soiscéal; obair a fuair sé ón Tiarna.

An Soiscéal: Mark 10:35-45: Ceapann Íosa Séamus agus Eoin ina sagairt san abairt sin: An bhféadann sibh an cupa a ól atá le n-ól agamsa? Ag críochnú le sin gur tháinig Íosa chun seirbhís a dhéanamh ar mhórán.

Seanmóir:

Nuair a scríobh N. Pól chuig na heaglaisí lena thug sé cuairt leis an Soiscéal, bhí sé de nós aige úsáid a bhaint as suim na ndaoine sna rásaí agus sna cluichí a bhíodh acu sa staidiam. Bhí N. Pól in ann cluasa na ndaoine a ghabháil mar seo, agus ansin labhair sé leo faoi Íosa. Agus é ag fágáil slán le Timothy a d’fhág sé ina dhiaidh áit éigin, scríobh N. Pól: “The time has come for me to be gone. I have fought the good fight to the end; I have run the race to the finish; I have kept the faith” (2 Tim. 4:6b-7). Ba’e an chúrsa a bhí leagtha amach dó féin ná an Soiscéal a scaipeadh i measc daoine. Bhain sé an-sásamh as an obair sin a fuair sé ón Tiarna.

Bhí an tAthair Tom an-bhródúil as na héachtaí a bhain sé féin amach san aclaíocht i Maigh Nuat agus le scoláirí in ollscoil na Gaillimhe fadó. Nuair a bhí air Na Forbacha a fhágáil mar thit sé nuair a d’éirigh sé i lár na hoíche – (Chaith sé an oíche ar fad ar an urlár go dtí gur bhreathnaigh duine agaibh ón bparóiste isteach air ar maidin.) – bhí ionadh orm nár ghortaigh sé é féin. “But I knew how to fall,” a dúirt sé. “From doing the high jump in Maynooth, I knew how to fall!” Go raibh an scil sin againn féin ‘of falling well’; a bheith in ann titim go grástúil. May there be someone ag breathnú amach i mo dhiaidh nuair a thitim, bíodh sé sin sa gcorp, sa spiorad nó sa bpeaca, agus mé a ardú suas arís.

Nuair a bhí Tom ag rás éigin le scoláirí na hollscoile, bhí reathaí amháin ó choláiste eile a bhí níos fearr ná aon duine eile i láthair; ach bhí plean ag Tom. Dúirt sé leis an bhfoireann: “Lig dó imeacht! Ná leanaigí é! Is í an duais fóirne atá uaibhse anseo inniu! Ná bíodh imní oraibh nuair a fheiceann sibh daoine eile ag dul thairis. Sibhse, run as a team.” Díreach mar a smaoinigh Tom, tháinig tuirse orthu siúd a thosaigh amach ró-sciopa mar lean siad an leaid amháin thar cinn seo. Bhí an bua aigesan cinnte, but Galway won the team prize, the better prize! Bhí an fhoireann an-sásta leo féin, agus bhí Tom an-bhródúil as an mbua.

Tá dá bhealach ann chun ár saol a chaitheamh: i d’aonar nó le daoine eile; le súil ar an gcéad áit nó sásta teacht isteach leis an ngrúpa. In the context of the Gospel for today, níl mórán daoine a thuillfidh suíocháin ar dheis nó ar chlé den Tiarna a fháil i Ríocht Dé. An chuid is mó dínn, tá muid ag braith ar an ngrúpa; tiocfaidh muid isteach le slua mór na naomh; tá muide le rith le chéile; ag coinneáil i dteagmháil leis an ngrúpa, agus ag fanacht siar leis an duine mall. Is é le chéile, mar chuid den Eaglais, a chaitheann muid ár saol anseo le sásamh, agus, ar deireadh, rachaidh muid trasna an líne le chéile, agus isteach sa mbeatha shíoraí. Our sight is on the team prize. Beidh muid thar a bheith sásta leis sin; go mbeidh muid in ann a rá mar a dúirt Peadar ar Chnoc Tabor le Séamus agus le hEoin, “It is good for us to be here” (Mt. 17:4).

Most of us are not front-runners; baineann muid leis an slua. Agus má tá muid i gceannas ar aon bhealach, tugann muid ceannaireacht ón ngrúpa, ó ina measc. Ansin, faigheann muid tacaíocht óna chéile, gan aon chomórtas eadrainn. Bíonn daoine ag breathnú amach ar son a chéile. Piocfidh duine éigin suas mé nuair a thitim. Fanfaidh duine éigin siar liom nuair nach mbím in ann coinneáil suas, agus mé a tharraingt ar ais isteach sa ngrúpa. Ón áit sin sa ngrúpa, ní bhíonn ar an reathaí is fearr a áit féin a íobairt, ach in ionad sin, is é mar nach ndearna sé solo run, gur fhan sé leis an ngrúpa, agus gur thóg sé abhaile leo iad, go dtuilleann sé áit i gcró an bhuaiteora. Is é sa bpobal that we work out our own salvation and bring others to salvation. De Lubac reminds us that the Church is “Joseph’s coat of many colours” and “Her ambition is to gather the whole human family together.”[i] 

Us diocesan priests, to borrow a phrase from the Gospel for the feast of Christ the King, ní bhíonn muid riamh chomh sásta is a bhíonn muid nuair a bhíonn muid ag rith leis na caoirigh (agus leis na gabhair!). It’s much more fun! Aoire i measc a thréada! Running with the sheep (and with the goats) is a wonderful place from which to live out our lives as priests.  Seo an glaoch a fuair Tom, agus a lean sé ó chroí, agus a fuair muid sagairt eile na deoise anseo chomh maith, cé go bhfuil rudaí athruithe go mór: chun labhairt le daoine faoi Íosa ó ina measc in ionad a bheith ag tiarnú orthu [Soiscéal], agus seirbhís a dhéanamh ar an mórán i ndiaidh Íosa.

Us diocesan priests, ní bheadh muid riamh sásta i gclós na mainistreach. Téann muid isteach ann ó am go ham chun muid féin a bheathú le bheith in ann coinneáil suas libhse sa tréad, ach bíonn ár gcroíthe i gcónaí ag iarraidh a bheith ar ais libh, ár gcairde, in bhur measc, agus ag rith libh. Mar a chéile, nuair a théann muid ar saoire, bíonn muid mífhoidheach as baile. Without you, we are nothing!

Sa Soiscéal inniu, agus Íosa ag glaoch ar Shéamus agus ar Eoin le bheith ina shagairt san abairt sin, ‘An bhféadfann sibh an cupa a ól atá le hól agamsa?’ – Fr. Tom had to drink what was a most bitter cup for him – aoire gan tread, sagart gan pobal. He was called to enter ‘the cloister of old age’ and submit to the lack of freedom and agility once enjoyed.

Is é mar shagart a bhí leagtha amach don Athair Tom cúrsa an tsaoil seo a chur isteach. Bhain sé an-sásamh as a shaol mar shagart. Is é seo an saol a ghlacann an sagart deoiseach dó féin. Is é sa bparóiste, i measc daoine, a airíonn muid compórdach, sásta, agus sa mbaile; glaoite chugaibh agus glaoite agaibh; called to you and called by you. Agus nuair a thagann an lá sin nuair a bhíonn orainn slán a fhágáil libh, agus leis an ministreacht naofa i measc daoine, de bharr seanaoise nó tinnis, mar a tharla don Athair Tom, fágtar muid go minic gan chos. Is mór an titim í don sagart tar éis a shaol a chaitheamh ag rith ina cheann, agus ag rith le daoine.

A Athair Thomáis, go mbronna an Tiarna duais na fíréantachta ort.

Molann muid é chun Dé san Aifreann seo mar Chríostaí, mar mhinistir ar an Soiscéal, agus mar shagart.

May he know mercy for the falls of his own life.

Go bhfaighe sé fáilte isteach ó Íosa, an t-aon Ardsagart amháin, agus ó na naoimh, i sanctóir síoraí na bhflaitheas.

[i] Henri de Lubac, Catholicism, p.296, 284.

An tAthair Tomás Ó Cadhain – Seanmóir


Weekly ReadingsLéachtaí an Aifrinn: Léachtaí an lae agus Léachtaí an Domhnaigh

 

Nuacht-litir na Seachtaine seo: 12b 2 Aidbhint B (10 Nollaig 2017)

 

Paidir le linn don Chrann Nollag a ardú.

 A Dhia dhílis,

cruthaitheoir na gcrann, cuir do bheannacht ar an gCrann Nollag seo,

agus é ina sheasamh mar shiombail ar an áthas, ar an dóchas agus ar an mbeatha i ndorchadas an gheimhridh.

Go raibh na géaga síorghlasa air ina gcomhartha dúinn ar do ghealltanais shíoraí.

Go raibh a shoilse agus a ornáidí ildaite mar spreagadh dúinn

chun an teaghlach/pobal seo againne, agus an domhan ina bhfuilimid,

a mhaisiú le grá, le dóchas, le solas, agus le creideamh.

Go raibh na bronntanais a leagfar faoi mar shiombailí ar na bronntanais a bhronn Íosa orainn le crann an tslánaithe.

Ag breathnú dúinn ar an gcrann glas seo le linn tréimhse naofa na Nollag,

go dtaga lúcháir agus síocháin Chríost chun nead a dhéanamh ina ghéaga, sa gclann/sa bpobal seo, agus inár gcroí.

Áiméan.

An Dara Domhnach den Aidbhint – 10 Nollaig 2017

Intróid: Tá Eoin Baiste againn sa Soiscéal inniu, an dara domhnach den Aidbhint. B’é amach sa bhfásach a ghlaoigh sé daoine. Sa mBíobla, tagann Dia chugainn go minic sa bhfásach. Nochtann an fásach muid agus réitíonn sé muid chun éisteacht le Dia. Ag réiteach do theacht an Tiarna san Aidbhint anois, seasann muid siar sa tamall seo le chéile ionas go gcloisfidh muid é ag labhairt linn.

Seanmóir:

Céard é faoi Eoin Baiste gur chas sé daoine ina sluaite chun éisteacht leis, agus céard é fúinn anois nach féidir leis an Soiscéal céanna daoine a mhealladh sa mhéid céanna.

Níl a fhios againn céard as a tháinig an spéis sin a léirigh na daoine in Eoin Baiste sa bhfásach. A phearsantacht, an ea, agus mar a bhí sé gléasta? Ní dóigh liom é. Eoin Baiste, ní duine é a bheadh in ann daoine a mhealladh, agus a ghlaoch chun aithrí, ach go raibh siad ag súil le slánaitheoir, go raibh siad réidh don Messiah a bhí le teacht, chun iad a shaoradh.

Cén chaoi cluasa daoine a ghabháil (sa lá atá inniu ann) le go n-éisteodh siad le caint faoi Íosa, atá in ann muid a shaoradh ón smacht a cheanglaíonn suas muid? An gcaithfidh gach fógróir ar Íosa a bheith chomh difriúil sin le go mb’fhéidir go n-éisteoidh muid.

Ar deireadh, níl aon rud chomh maith leis an saol é féin chun daoine a réiteach don Soiscéal a iarraidh agus an Soiscéal a chloisteáil go fíor.

Ní rachaidh an Aidbhint seo i bhfeidhm orainn (ná an Nollaig ina dhaidh sin, ach oiread) muna bhfuil muid ag iarraidh slánaitheoir.

Agus cén fáth go mbeadh aon duine againn ag iarraidh slánaitheoir ach amháin go n-aithníonn muid go bhfuil muid ar fad faoi smacht ag rud éigin, ag nós éigin, ag duine éigin, ag an bpeaca, agus ag an mbás….

Tá Eoin Baiste glórach agus mí-néata againn san Aidbhint ag meabhrú dúinn go bhfuil Íosa Críost againn mar Shlánaitheoir ar an uile smacht, ach amháin glacadh leis.

Guí an Phobail

Ag éisteacht le Eoin Baiste, go ndéana muid féin cibé rud atá le déanamh againn le go mbeidh muid fíor-réidh le theacht ár dTiarna faoi Nollaig a cheiliúradh.

Go n-éiste muid le fáithe an lae inniu atá, agus iad ag léamh imeachtaí an tsaoil dúinn, agus ag glaoch ar ais ar an mbóthar muid.

Go nglaca muid orainn féin mar dhualgas aire agus cúnamh a thabhairt don duine i ngá.

Go raibh síocháin an Tiarna eadrainn agus idir náisiúin.

Do na mairbh: go dtuga an Tiarna a shlánú dóibh.